Translate

Monday 29 February 2016

Craobh na hÉireann san eitpheil - Seo Linn.

Bhuaigh foireann eitpheile na Gaelscoile craobh na Mumhan ar an Déardaoin seo chaite. Thaistealaíodar chuig Cill Áirne agus d'imríodar 5 chluiche chun an craobh chluiche a shroichint - ceann a bhuadar le scil agus le comhoibriú
Beidh an fhoireann ag taisteal chuig Luimneach ar an 15/3/'16 chun imirt i gCraobh na hÉireann.
Buíochas mór le Conchubhair a eagraíonn na fóirne agus a thraenálann iad gach seachtain.
Is iad Jeaic, Ian agus Aoife ó rang a 6 maraon le Josh, Cáit agus Emma atá mar bhaill den fhoireann seo.
Guímid gach rath ar a gcéad thuras eile. Gaelscoil abú!


Sunday 21 February 2016

Lá Gorm sa Ghaelscoil

Tháinig My Canine Companion chugainn ar an gCéadaoin seo chaite chun madraí a thaispeáint dúinn agus chun caint linn fúthú agus faoin gcarthanacht. Mar ábhar tachaíochta, caitheadh gorm ar an lá agus bailítear airgead chun cabhrú le 'Einstein' a thraenáil. Bainigí taitneamh as na grianghrafanna. Cinnte, bhain gach éinne an thaitneamh as a gcuairt.






Monday 8 February 2016

Cuairt an Airm 5/2/'16

Cuairt an Airm chun na scoile - 5/2/'16



Bhí áthas orainn anseo i nGaelscoil Thomáis Daibhís fáilte a chur roimh bhaill d'Óglaigh na hÉireann ar an 5ú de Feabhra. Bhronn Ceannfort Peadar ó Catháin an bhratach náisiúnta orainn agus ghlac Sophie ó  Rang 6, agus Clodagh, Naíonáin Bheaga, leis ar son na scoile. Bronntar an bhratach orainn mar chuid de chomóradh Éirí Amach na Cásca 1916 chomh maith le ceiliúradh an chéid ó bhForógra Poblacht.

Le linn an searmanais, múineadh do na páistí conas aire a thabhairt don Bhratach Náisiúnta agus an chaoi a chaitear í. 

Tháinig uncail le muintir de Brún agus Uí Caomhánaigh ar chuairt maraon le Daid le muintir Uí Dhullaí. Thainig iar-scoláire Seán Mac an Fhallaigh lena athair Pádraig a bhunaigh an scoil nach mór 31 bhliain ó shin.
Léigh daltaí ó rang a 6 - Aoife, Ciara agus Niall altanna as tionscnaimh a rinneadar ar 1916. Léirigh siad é seo ar Power point.
Léigh Nadia altanna as an bhForógra de 1916.

Lean seisiún beomhar ceisteanna agus freagraí é seo. D'fhreagair Ceannfort Ó Catháin ceisteanna na bpáistí faoi Óglaigh na hÉireann, 1916, an Bhratach Náisiúnta agus ar an saol san airm faoi láthair.
Sheinn daltaí ó rang 3 - 6 Amhrán na bhFiann agus The Foggy Dew agus chan Rang 1 agus 2 Ó Ró S'e do Bheatha Bhaile.

Ardóidh Gaelscoil Thomáis Daibhís an Bhratach Náisiúnta le linn searmanais speisialta eile ar an 15ú de Mhárta 2016 - Lá an Fhorógra. Beidh a bhforógra féin scríofa ag na páistí don lá sin ag déanamh machnaimh ar luachanna, smaointí agus ardmhianta páidtí sa lá atá inniu ann.

B'ócáid iontach í agus beidh cuimhne go deo againn go léir ar chuairt an airm ar an scoil.