Translate

Sunday 27 March 2016

Árdú na brataí ar an 15ú de Mhárta, 2016

Ardaíodh an bhratach inniu tar éis searmanas an speisialta sa halla. Bronnadh an onóir ar Finian ó rang 1 toisc go dtiteann a bhreithlá ar an lá céanna agus a thosnaigh an Éirí Amach, sin 23ú d'Aibreán.

Ar dtús, léigh páistí ó ranganna éagsúla altanna ar stair na brataí agus ar 1916. Mhínigh Máire Ní Bhriain - Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta, Niamh Ní Chormaic - Cathaoirleach Chumann na dTuismitheoirí agus Síle Ní Ríordáin - Leas-Príomh Oide na scoile cad a chiall an bhratach dóibh.

Bhaineamar an sult is taitneamh as dráma rang a 4  - ghléasadar suas mar charachtéirí cáiliúla ó 1916 agus mhínigh siad a rannphártaíocht san Éirí Amach. Bhí Pádraig Mac Piarais, Séamus Ó Conghaile, Íosaf  Pluincéad, Seán Mac Diarmada, Eámonn Ceannt, Tomás Mac Donagh, Tomás Ó Cléirigh in ár dteannta don ócáid.

Sheinn rang 3 - 6 'The Foggy Dew', 'Ó Ró 'Sé do Bheatha 'Bhaile' agus Amhrán na bhFiann agus canadh ár nAmhrán Náisiúnta arís i ndiaidh don bhratach a bheith árdaithe.

Chríochnaigh an ceiliúradh le cupán tae sa halla dos na daoine fásta agus le huachtar reoite dos na páistí.

Féachaigí ar ár ngrianghrafanna agus ar ár bhfíseáin den lá.