Bhuaigh foireann eitpheile na Gaelscoile craobh na Mumhan ar an Déardaoin seo chaite. Thaistealaíodar chuig Cill Áirne agus d'imríodar 5 chluiche chun an craobh chluiche a shroichint - ceann a bhuadar le scil agus le comhoibriú
Beidh an fhoireann ag taisteal chuig Luimneach ar an 15/3/'16 chun imirt i gCraobh na hÉireann.
Buíochas mór le Conchubhair a eagraíonn na fóirne agus a thraenálann iad gach seachtain.
Is iad Jeaic, Ian agus Aoife ó rang a 6 maraon le Josh, Cáit agus Emma atá mar bhaill den fhoireann seo.
Guímid gach rath ar a gcéad thuras eile. Gaelscoil abú!
Monday, 29 February 2016
Sunday, 21 February 2016
Lá Gorm sa Ghaelscoil
Tháinig My Canine Companion chugainn ar an gCéadaoin seo chaite chun madraí a thaispeáint dúinn agus chun caint linn fúthú agus faoin gcarthanacht. Mar ábhar tachaíochta, caitheadh gorm ar an lá agus bailítear airgead chun cabhrú le 'Einstein' a thraenáil. Bainigí taitneamh as na grianghrafanna. Cinnte, bhain gach éinne an thaitneamh as a gcuairt.
Monday, 8 February 2016
Cuairt an Airm 5/2/'16
Cuairt an Airm chun na scoile - 5/2/'16
Bhí
áthas orainn anseo i nGaelscoil Thomáis Daibhís fáilte a chur roimh bhaill
d'Óglaigh na hÉireann ar an 5ú de Feabhra. Bhronn Ceannfort Peadar ó Catháin an bhratach náisiúnta
orainn agus ghlac Sophie ó Rang 6, agus
Clodagh, Naíonáin Bheaga, leis ar son na scoile. Bronntar an bhratach orainn mar
chuid de chomóradh Éirí Amach na Cásca 1916 chomh maith le ceiliúradh an chéid
ó bhForógra Poblacht.
Le linn an searmanais, múineadh do na páistí conas aire a thabhairt don Bhratach Náisiúnta agus an chaoi a chaitear í.
Le linn an searmanais, múineadh do na páistí conas aire a thabhairt don Bhratach Náisiúnta agus an chaoi a chaitear í.
Tháinig uncail le muintir de Brún agus Uí Caomhánaigh ar chuairt maraon le Daid le muintir Uí Dhullaí. Thainig iar-scoláire Seán Mac an Fhallaigh lena athair Pádraig a bhunaigh an scoil nach mór 31 bhliain ó shin.
Léigh daltaí ó rang a 6 - Aoife, Ciara agus Niall altanna as tionscnaimh a rinneadar ar 1916. Léirigh siad é seo ar Power point.
Léigh Nadia altanna as an bhForógra de 1916.
Lean seisiún beomhar ceisteanna agus freagraí é seo. D'fhreagair Ceannfort Ó Catháin ceisteanna na bpáistí faoi Óglaigh na hÉireann, 1916, an Bhratach Náisiúnta agus ar an saol san airm faoi láthair.
Sheinn daltaí ó rang 3 - 6 Amhrán na bhFiann agus The Foggy Dew agus chan Rang 1 agus 2 Ó Ró S'e do Bheatha Bhaile.
Ardóidh Gaelscoil Thomáis Daibhís an Bhratach Náisiúnta le linn searmanais speisialta eile ar an 15ú de Mhárta 2016 - Lá an Fhorógra. Beidh a bhforógra féin scríofa ag na páistí don lá sin ag déanamh machnaimh ar luachanna, smaointí agus ardmhianta páidtí sa lá atá inniu ann.
B'ócáid iontach í agus beidh cuimhne go deo againn go léir ar chuairt an airm ar an scoil.
Saturday, 23 May 2015
Comaoineach 2015
Seo cúpla grianghraf den Chéad Comaoineach inniu.
Clic ar an gcolláis chun na grianghrafanna a mhéadú.
Clic ar an gcolláis chun na grianghrafanna a mhéadú.
Sunday, 10 May 2015
Blúire Ghaeilge Rang a 5
Chuaigh roinnt de Rang a 5 chuig C103 Fm chun
blúirí Gaeilge a thaifead. D'eagraigh an tUasal Mícheál Ó Leathlobhair é seo
don rang sa chéad bhliain sa ghaelcholáiste agus do rang a 5 an babhta seo.
Rinneadar taifeadadh ar rang 6 roimh na Nollag. Beidh siad le cloisint
amach anseo ar an raidió maidin éigin. Bí ag faire amach dóibh.
An Lusitania
Ar an 7ú lá de Bhealtaine 1915,
dhruid an Lusitania i dtreo cósta na hÉireann. Thug U- Bhád 20 faoi ndeara í
agus scaoil sí torpéid. Chonaic an fairtheoir ar an Lusitania é ach
bhí sé ró- dhéanach don bhád. Buaileadh an long ar a taobh agus phléasc sí.
Thosnaigh an Lusitania ag dul faoin uisce láithreach bonn. D’ordaigh an Captaen Liam Turner an long a dhíriú chuig cósta na hEIreann ach ba shaothar an aisce é. Mar sin, d’ordaigh an captain an long a thréigean. Faoin am seo, bhí an long ar a taobh, ag dul faoin uisce go tapaidh agus theip ar an chuid daoine an long a fhágáil dá bharr. Laistigh de 20 nóiméad a bheith buailte, chuaigh Lusitania go tóin poill. As an 1,959 duine ar bhord, tháinig 761 slán agus maraíodh 1,198.
Chuir marú an
oiread sin daoine neamhchiontacha uafás agus alltacht ar dhaoine ar fúd na
cruinne. Mhéadaigh tacaíocht
do na Comhghuaillithe in aghaidh na Gearmáine in alán tíortha, na Stáit
Aontaithe san áireamh. Throid siad leis na Comhghuaillithe in aghaidh na
Gearmáine níos déanaí sa chogadh.
On May 7, 1915
the Lusitania was approaching the coast of Ireland. The voyage was almost over,
but it had reached its most dangerous point. It was soon spotted by the German
u-boat U-20. The u-boat moved in to attack and fired a torpedo. A lookout on
the Lusitania spotted the wake of the torpedo, but it was too late. The torpedo
made a direct hit on the side of the ship and a huge explosion was felt
throughout the ship.
The Lusitania immediately began to sink. The captain of the Lusitania, Captain William Turner, ordered that the ship head for the Irish coast, but it was no use. Within a few minutes the captain gave the order to abandon ship. Many people had difficulty in getting off the ship because it was tilted so far to the side and sinking so fast. Within twenty minutes of being struck, the Lusitania had sunk. Of the 1,959 people on board, only 761 survived and 1,198 were killed.
The Lusitania immediately began to sink. The captain of the Lusitania, Captain William Turner, ordered that the ship head for the Irish coast, but it was no use. Within a few minutes the captain gave the order to abandon ship. Many people had difficulty in getting off the ship because it was tilted so far to the side and sinking so fast. Within twenty minutes of being struck, the Lusitania had sunk. Of the 1,959 people on board, only 761 survived and 1,198 were killed.
All around
the world, people were horrified with the murder of innocent people. Support
for the Allies grew in lots of countries, and in the USA. Later on USA entered
the war on the Allied side and fought against Germany.
Saturday, 25 April 2015
Tagann Sam ar chuairt.
Tháinig Sam ar chuairt ar an Mháirt seo chaite. Bhuail an scoil ina iomlán leis. An raibh sé ar eolas agat gur :
Ainmníodh an corn in onóir do Sam Mhic Uidhir as Dún Mán Mhuí i gContae Chorcaí.
Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann peile i Londain a bhuaigh Craobh na hÉireann idir 1900 agus 1904
Thug an fear céanna tréimhse ag obair i Londain agus ba chara é le Mícheál Ó Coileáin ann.
Fuair sé bás go hóg i 1927.
Bhuaigh Cill Dara an chéad corn i 1928 i gcoinne an Cabhán
Ainmníodh an corn in onóir do Sam Mhic Uidhir as Dún Mán Mhuí i gContae Chorcaí.
Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann peile i Londain a bhuaigh Craobh na hÉireann idir 1900 agus 1904
Thug an fear céanna tréimhse ag obair i Londain agus ba chara é le Mícheál Ó Coileáin ann.
Fuair sé bás go hóg i 1927.
Bhuaigh Cill Dara an chéad corn i 1928 i gcoinne an Cabhán
An Oíche Oscailte sa Ghaelscoil
Bhí lá/oíche oscailte againn sa Ghaelscoil ar an Déardaoin seo chaite. Cuireadh fáilte roimh tuismitheoirí agus naíonáin nua chun na scoile. Fuaireadar blas de na hábhair agus de na himeachtaí éagsúla sa scoil ar nós Ceol/Amhránaíocht, Ealaín, Mata, Teangacha, Eolaíocht, Ríomhairí.
Míle buíochas leis na bpáistí as ucht a gcabhair.
Míle buíochas leis na bpáistí as ucht a gcabhair.
Subscribe to:
Comments (Atom)

